Fáilte

Fáilte romhat ag an Músaem Céarach Náisiúnta Plus!

D’fhéadfaí a rá gurb é seo an t-ionad cuairteoirí is spreagúla i mBaile Átha Cliath. Tá an Músaem suite i gcroí lár na cathrach i gceantar Bharra an Teampaill, an-ghar do Shráid an Dáma. Is i bhfoirgneamh ceithre urlár, limistéar 13,000 troigh chearnach, i bPlás Foster atáimid lonnaithe.

Tá an foirgneamh féin an-suimiúil ó thaobh na staire de mar gur ann a bhíodh stóras óir agus gunnaí na hÉireann ag tús an chéid seo caite.

Ionad cuairteoirí sár-mhealltach, ceannródaíoch is ea an músaem. Ceapadh é chun eachtra idirghníomhach a chur ar fáil a thógfas ar aistear thú trí oidhreacht chultúrtha na hÉireann. Is ceantar draíochta fionnachtain do pháistí é. Is é an t-aon chomhartha aitheantais in Éirinn a bhfuil aird ar leith aige ar ár bpríomh-cheapadóirí eolaíochta. Tá seomra fís-scáileáin uaithne ann, saotharlann lán fheidhmiúil taifeadta agus na daon-deilbh ar fad a mbeifeá ag súil leo i músaem céarach náisiúnta.

Tá tairiscint le fáil sa Mhúsaem Céarach Náisiúnta ar eachtra mhúsaeim nach bhfuil cosúil le tairiscint ar bith eile. Beidh sé oiriúnach duit, bíodh tú óg nó sean, fear nó bean, i do dhuine mór cultúir nó duine a dtaithnaíonn spraoí leis, duine cáiliúil nó duine a chuireann spéis i ndaoine cáiliúla! San Mhúsaem Céarach Náisiúnta tá sár eachtra caoimheachais ar fáil do chách!

subscribe

Subscribe and be the first to hear of Wax Museum news, events and offers!

×